Foilsíodh fógra san Iris Oifigiúil an 2 Iúil, 2010 á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo. |
||
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 1(2) den Acht Carthanas 2009 (Uimh. 6 de 2009) (arna oiriúnú leis an Ordú Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2010 (I.R. Uimh. 215 de 2010), ordaímse, PADRAIG Ó CIARDHA, Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, leis seo mar a leanas: |
||
1. Féadfar an tOrdú um an Acht Carthanas 2009 (Tosach Feidhme) 2010 a ghairm den Ordú seo. |
||
2. Is é an 26 lá de Meitheamh 2010 an lá a cheaptar mar an lá a thiocfaidh ailt 4 agus 90 den Acht Carthanas 2009 (Uimh. 6 de 2009) i ngníomh. |
||
ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil, |
||
26 Meitheamh 2010. |
||
PADRAIG Ó CIARDHA, |
||
Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. |
||
NÓTA MÍNIÚCHÁIN |
||
(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é). |
||
Tugtar leis an Ordú seo tosach feidhme dalt 4 den Acht Carthanas 2009 ("an tAcht"). Is é an cuspóir atá leis an Ordú seo a cheadú don Aire orduithe nó rialacháin a dhéanamh faoin Acht - dhéanfadh tosach feidhme an tAire a chumasú rialacháin a dhéanamh roimh bhunú an Údaráis nua, dá measfaí gur cuí. Déanfar orduithe agus rialacháin a dhéanfar faoin Acht, ach amháin iad sin a dhéanfar faoi alt 1(2) nó alt (12), a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais. Féadfar Ordú nó rialachán faoin Acht seo a neamhniú má dhéanann ceachtar Teach laistigh de 21 lá rún a rith ag neamhniú ordaithe nó rialacháin den sórt sin. |
||
Tugtar leis an Ordú seo freisin tosach feidhme dalt 90 den Acht Carthanas 2009 ("an tAcht"). Is é an cuspóir atá leis an Ordú seo cumhachtaí a thabhairt do na cúirteanna in aon imeachtaí faoiseamh ó dhliteanas pearsanta i leith sárú iontaoibhe a dheonú diontaobhaithe carthanais sa chás gurb é tuairim na cúirte, dainneoin go mbfhéidir go mbeadh an t-iontaobhaí faoi dhliteanas i leith an tsáraithe, gur ghníomhaigh sé nó sí de mheon macánta agus gur chóir an sárú sin a mhaitheamh dó nó di. In imthosca den sórt sin, féadfaidh an Chúirt ansin faoiseamh a dheonú go huile nó go páirteach faoi fhorálacha alt 90 den Acht. |