1. Is
achomharc é seo ar bhreithiúnas agus ordú de chuid na Ard
Chúirte (An Breitheamh Mac Gabhann den dáta 31ú Deireadh
Fómhair, 1997). Na
h-iarrathóirí/achomharcóirí (as seo amach
“Gael Linn”) is comhlucht teoranta iad a buníodh chun an
Ghaeilge do chur chun cinn. Nil aon easaontas ann maidir leis na trí
áitreabh atá mar ábhar conspóide 26/27
Cearnóg Mhuirfean, B.A.C. 2; Cabra Grand Cinema, 60A Bothar
Chairéal, B.A.C. 7 agus Whitehall Grand Cinema, 396/402 Ascal Uí
Choileáin, B.A.C. 9 a bheith ina seilbh i gcónaí ag Gael
Linn ach go raibh díolúine aca sna liostaí luachála
coinnithe ag an gcéad fhreagróir (as seo amach “An
Coimisinéir”) ag éirí as cinneadh a rinne
Cúirt Chuarda Átha Cliath (An Breitheamh Gleeson) dar dáta
an 6ú Iúil, 1987.
3. Ar
an 9ú Samhain, 1995, afach, cuireadh in iú1 don triú
fhreagróir, an t-údarás rátála ón
gceantair ina bhfuil na ceithre áitreabh lonnaithe (as seo amach
“an Bardás”) go raibh cinneadh déanta ag an
gCoimisinéir go ndéanfaí athbhreithniú ar an
stádas na díolúine. Tharla sé seo mar toradh ar
iarratas le haghaidh a leithéid de athbhreithniú a rinne an
4. Bárdas
ach nár tugadh fógra do Ghael Linn faoin iarratas mar ba
cóir a thabhairt faoí shonraí an dlí, agus rinne an
Ard Chúirt ordú certiorari le toiliú ag cur ar
neamhní cinneadh an Choimisinéara ar an mbonn sin. D’iarr
Gael Linn faoiseamh breise, ina measc ordaithe coscúla ag stopadh an
Bárdas ó bheith ag déanamh aon iarratas ag lorg
athbhreithnithe ar stádas díolúine na aitreabh an fhad is
a mhair ordaithe na Cúirte Cuarda a bhain leo agus ag cur cosc ar an
gCoimisinéir ó bheith ag déanamh a leithúid de
athbhreithniú fad is a bhí úsáid agus stádas
na n-aitreabh mar a gcéanna. Do dhiúltaigh breitheamh na hArd
Chúirte da leithéid d’fhaoisimh i mbreithiúnas gearr
gan ullmhú, ar an gcúis nár bhain an teagasc res judicata
leis na hordaithe déanta ag an gCúirt Chuarda in 1987 maidir leis
na h-áitrimh. Ón gcinneadh sin rinne Gael Linn achomharc go
dtí an Cúirt seo. Níor leanadh leis an eileamh go raibh an
reachtaíocht dlí a bhain le hábhar
mí-bhunreachtúil sa chúirt seo.
5. Ba
cheart achoimre do dhéanamh ar an reachtaíocht sin. Leagtar
síos i mir 2 den Valuation (Ireland) Act, 1854:
6. I
mireanna 19,20,31 den Valuation (Ireland) Act 1852, (as seo amach “An
t-Acht 1852”) tá feidhm chun athrú agus leasú a
dhéanamh ar luachálaithe ag an gCoimisinéir agus
achomharcanna ó chinnithe an Choimisinéara chuig an gCúirt
Chuarda. Do bhunaigh the Valuation Act 1988 (as seo amach “An t-Acht
1988) coras nua chun athbhreithniú
7. De
réir fó-mhir 3 ní mór don Choimisinéir
cinneadh do dhéanamh ar pé iarrataisí atá faighte
aige taobh istigh de sé mhí agus deireann fó-mhir 4 nach
mór don údarás 1uachá1a a chur in iú1 don
úinéir agus don áitreabhóir toradh an chinneadh ar
an iarratais agus faoin ceart atá aige, no aici, achomharc do
dhéanamh don Binse Luachála i gcoinne an Choimisinéara
faoi mir 20 den Acht 1852.
8. In
a aighneachtaí cuimsitheacha ar son an iarrathóra
d’áitigh an t-Uasal Seamus Ó Tuathail go raibh cinneadh an
Chúirt Chuarda i Mí 1úi1, 1987, réasúnta ma
mbreithiúnas reasúnta faoi cheist stádas
díolúine na gceithre áitreabh in a raibh sé
soiléir go raibh an teagasc res judicata bhfeidhm. Lean sé sin
chomh fada is a bhí na h-áitribh “in úsáid
dona h-aidhmeanna réamhráite” taobh istigh de bhrí
mir a dó den Acht 1854, an t-údarás luachála agus
an Coimisinéir ar aon a bheith coiscthe ar an gceist a oscailt aris. In
aighneacht bhreise dúirt an t-Uasal Ó
Tuathail
agus na bhreithiúnais in
East
Donegal Co-Operative Livestock Marts Ltd v. Attorney General
[1970],
IR 317,
O’Brien
v. Bord na Móna
[1983] IR 255 agus
Goodman
International v. Mr. Justice Hamilton
[1992] 2 IR 542, á gur san áireamh go raibh an dualgas ar an
mBardas agus ar an gCoimisinéir, ag cur a gcuid cumhachtaí i
bhfeidhm de réir na reachtaíocht cuí, usáid do
bhaint as modhanna oibre a bhí cothrom, agus nuair theip orthu
fáthanna ar bith a thabhairt faoin chúis gur cheart an coras
athbhreithnithe do chur ar siúl i gcás nuair atá
stádas díolúine desna n-áitreabh socraithe cinnte
ag an gCúirt Chuarda, go raibh gné
9. Dúirt
an t-Uasal Ó
Tuathail
i dtaobh mír 3 (1) den Acht 1988, cé gur cinnte go raibh an chuma
air gur thug sé cumhacht gan srian don údarás
luachála, nó d’oifigeach de chuid an Choimisinéara,
iarratas a lorg do athbhreithniú luachála d’aon
áitreabh, níor mhór é a thuiscint i gcomhtheacs na
riachtanas bunreachtúla úd. Tá sé, chomh maith, ag
brath ar chinneadh Chúirt Uachtarach Saorstát Éireann in
Ó
Foghludha
v. McClean
[1934] IR 469
agus
cinneadh neamhthuairiscaithe de chuid na hArdChúirt,
An
Stát Mac Fhearraigh v. Mac Gamhnaí
(O’Hanlon J.)
breithiúnas
ar 1ú Meitheamh, 1983.) agus dúirt sé gur thug
stádas na Gaeilge mar an teanga naisiúnta stádas ar leith
do Gael Linn gcomhtheacs na n-aidhmeanna lenar úsáideadh na
h-áitreabhacha, agus mar sin go rabhadar i dteideal na rialacha a bheith
intuigthe le dea-mhán in a bhfabhar.
10. Aighneacht
eile a bhí ag an Uasal Ó
Tuathail
ná gur ceart breithiúnas na cúirte seo i
Kildare
County Council & Anor. v. Keogh & Others
[1971] IR 330
a
bhfuil an Coimisinéir agus an Bárdas ag braith air, gur a
fheiceáil i gcomhthéacs a chúinsí fhéin.
Dúirt an Chúirt Uachtarach sa chás sin nach raibh cosc ar
an gearánaí bheith ag déanamh élimh eile amach
anseo le haghaidh rátaí toisc go raibh cinneadh déanta ag
an Ard Chúirt cheana a dúirt nár ghá
rátaí a íoc, ach d’érigh sé sin as
firicí an chás sin á
gcur
i gcomhthéacs reachtíochta a bhain le Bórd Solathair an
Leictreachas.
11. In
aighneacht a rinne an t-Uasal Aindreas Ó
Caoimh,
A.S., agus an t-Uasal Maurice Gaffney, A.S., ar son an Coimisinéara agus
an Bhárdas, faoí seach, dúirt siad go raibh
foclaíocht mhír 3 (1) den Acht 1988 soiléir agus thug
sé cead don údarás rátála nó
oifigeach ón gCoimisinéir Luachála iarratas do
dhéanamh in am ar bith le haghaidh athbhreitniú ar luach
áitreabh ar bith. Ni raibh dualgas ar an iarratasóir,
bíodh se ina úinéir no ina shealbhóir,
t-údarás rátá1a nó an Coimisinéir
cúis ar bith do thabhairt don athbhreithniú: dá má
rud é go raibh sé sin ag teastáil
12. Maidir
leis na na h-aighneachtaí seo is gá ar dtús tagairt do
dhéanamh don sliocht seo leanas ó bhreithiúnas Walsh J.
ag
caint ar son an mhórlaigh sa chúirt seo in
Kildare County Council & Anor. v. Keogh & Others:
13. Má
tá an raiteas seo oirúinach mar dhlí
d’fhiricí na cúise seo feictear domsa go gcaitfidh go
dteipfidh ar na haighneachtaí curtha ós ár gcomhair ar son
Gael Linn. Isé an argoint atá acu ná go gcoscann an
teagasc res judicata - atá, ar ndoigh, ma chineal urbhac ar an
mBárdas agus ar an gCoimisinéir úsáid a bhaint as
an gcoras reachtúil faoi mír 3 (1) chun cheist na díoluine
ó fhreagracht ar rátaí a ath-oscailt, gan a cruthú
ar dtús go bhfuil athrú in úsáid an áitreabh
nó i stádas Gael Linn a bheadh mar chóis chun dul chun dli
arís fana ábhar.
14. Seo
leanas na firicí
a
bhain le
Kildare
County Council & Anor. v. Keogh & Others
.
Bhi díohúine ó rátaí ag an mBSL i
gcás seilbh ar áitreabh faighte nó tógtha le
haghaidh scéim hidrileictreach na Sionainne. Dúirt an
reachtaíocht chuí áfach, nuair scaradar le seilbh na
n-áitreabh ba chóir dóibh buan íocaíocht
bhliantiúl a thabhairt don údarás rátála a
bheadh cothrom leis na rátaí measta don bliain deireanach den
seilbh. Bhí Bord Solathair an Leictreachas i sheilbh a leithéid
de áitreabh i mbaile Chill Dara agus nuair d’fhág siad an
t-áitreabh do dhíoladar é le h-iontaobhaithe chumann
carthannacha (as seo amach “na h-iontaobhaithe”). Sa
cháipóis thíolactha chuaigh na h-iontaobhaithe i
mbannaí in aghaidh chaillteanas don BSL maidir le aon fhreagarthacht as
an mbuaníocaíocht bhliaintúil. Nuair d’agraigh na
gearánaithe ad dlí ar na h-iontaobhaithe le haghaidh
rátaí sa bhliain 1953, do chur na h-iontaobhaithe ma gcoinne ar
an mbonn gur leor a n-íocaíocht bhliantiúil chun a
fhreagracht as na rátaí do chomhlíonadh. Do theip ar an
gcosaint sin sa Cúirt Chuarda ach d’óirigh leis le
Ó’Byrne J.
sa
achomharc (féach
Kildare
County Council & Anor. v. Keogh & Others,
(1953) ILTR 45). I 19ó1 thionsnaigh an t-údarás
rátála cás dlí sa Chúirt
15. Chuarda
ag éileamh rátaí nár focadh le sé bliana
agus dibhíodh an t-éileamh sin sa Cúirt Chuarda. Ar a
achomharc go dtí an Ard Cúirt dúirt Henchy J.
an
mhd seo a leanas:
16. Sa
chúirt seo do chinn Walsh J.
agus
d’aontaigh Ó’Dálaigh, An Príomh Breitheamh
leis, go raibh Byrne J. mícheart sa dlí nuair a dúirt
sé gur chuir an bhuanfocaíocht leis na h-iontaobhaithe deireadh
lena fhreagracht as na rátaí. Ba cheart go dtabharfaí
fé ndeara nach raibh aon athrú sna toscaí nuair a
tionscnaíodh an cás dlí a tháinig ar deireadh chuig
an Chúirt seo mar chás sonraithe. Mar sin féin dhiultaigh
Walsh J.
sa
sliocht réamhráite don argoint go raibh urbhac ar an
údarás rátála ó bheith ag dul chun
dlí leis an gceist aris maidir le freagracht na
17. Ar
an dul cóanna isé cinneadh an choiste in
Caffoor
and Anor. v. Income Tax Commissioner
[1961] AC 584 at 598
ina
dúirt an Tiarna Radcliffe:
19. Sé
an t-aon ghné a dhéanann idirdhealu sa cás úd agus
an cás atá idir lámha againn ná go raibh reacht
difriúil faoi chaibidil. Ni féidir leis sin, afach, cur isteach
ar fheidhmiú an phrionsabail ghinereálta a leag Walsh J.
síos
i, isé sin i gcás ceisteanna i dtaobh rátaí agus
cánach ar aon nós nach bhfuil an fhreagracht i gcas bliana amhain
mar a gcéanna le
20. Níor
iarr an t-Uasal Ó Tuathail orainn an cinneadh sin a chur ar
neamhní agus glacadh leis an mbreithiúnas easaontaithe sa
chás céanna ag McLoughlin J.
B’shin,
i mo thuairim, géilleadh ceart do-sheachanta óna thaobh. Is
féiidir linn bunús an phroinsabail atá molta ag Walsh J.
a
chur siar go ré luath í saol an dlí in Éirinn agus
cinneadh Binse na Banriona
Limerick
Corporation v. Commissioner of Valuation
(1872-73) IR CL 420
nuair
a cinneadh nar leor an fhiric go raibh an reachtas tar éis deis a
thabhairt do athbhreithnúi luachala bliana amhain an bliain dar gcionn
chun urbhac a fhail. Tá an tOireachtas tar éis glacadh leis an
modh oibre céanna í mír 3 den Acht 1988 nuair do thug
sé deis don úinéir nó don sealbhóir, don
údaras rátala no. d’oifigeach an Coimisineara ceist
stádas diolúine na náitreabh do ath-oscailt in am ar bith,
d’ainneoin cinneadh roimhe sin ar ceist an dlí ag binse
údarasach.
21. Ní
feidir le Gael Linn tacaíocht ar bith a fháil ó
údarais mar
East
Donegal Co-operative Livestock Marts Ltd. v. Attorney General
,agus
Breithiúnas Walsh J.
in
Kildare
County Council and Anor. V. Keogh & Ors
.
tá sé do-rátithe le feidhm na bhfiricí sa
chás úd nó an cás seo lena breithiúnas in
East Donegal.
22. Níl
le rá ach nach bhfuil an breithúinas a rinne Kennedy C.J. sa
chás
Ó
Foghludha v. McClean
ag dóanamh tagairt dona torthaf a bhaineann le aitheantas í
mBunreacht
Saor Stát Éireann ar an nGaeilge mar teanga naisúinta agus
breithúinas mar an gcóanna a rinne Ó
Hanlon
J.
sa
chás
An
Stáit (Mac Fhearraigh) v. Mac Gamhnai
ag tagairt leis an talt comhionnach i Bhunreacht ár linne, nach bhfuil
siad ar aon bhealach ina chabhair do Gael Linsa eás seo. Cibé
torthaí a bhfeadfí bheith sa dlí maidir leis an
stádas atá ag an nGaeilge de bharr na Bunreachta, ní
féidir leo sin a úsid chun a rá go raibh mian ag an
tOireachtas nach bhfuil léirithe ag na focail sna leaganacha
Béarla agus Gaeilge den reachtas atá faoi chaibidil.