Cibé acu an raibh nó nach raibh údar ag an Roinn, faoi alt 27 den Acht SF, a dhiúltú chun iarraidh a phróiseáil mar gheall gur sháraigh an costas measta €840 ar na taifid a chuardach agus a aisghabháil an uasteorainn fhoriomlán €700

 

19 Samhain 2020

 

Cúlra

Lorg an t-iarratasóir in iarraidh dar dáta an 26 Meitheamh 2020, chun teacht ar “aon taifead, idir chomhfhreagras, aighneachtaí srl. (ón 1/3/20 go dáta) a bhaineann le scéim cúitimh do choláistí samhraidh mar thoradh ar Covid 19”.

Chuir an Roinn an t-iarratasóir ar an eolas an 2 Iúil 2020 gurbh é an costas measta ar na taifid atá i gceist a chuardach agus a aisghabháil €840. Chuir an Roinn ar an eolas é go bhféadfaí an táille a laghdú tríd an iarraidh a bheachtú agus gur féidir an iarraidh a dhiúltú faoi alt 27(12) den Acht mura bhféadfadh sé an iarraidh a bheachtú chun go laghdófaí an costas measta faoi bhun na huasteorann €700, ar an iomlán. Lorg an Roinn éarlais €100 freisin, a fhad agus a dhéanfaí an iarraidh a bheachtú chun an costas measta a laghdú anuas faoi bhun na huasteorann foriomláine.

Thug an t-iarratasóir le fios don Roinn an 3 Iúil 2020 nach raibh sé sásta leis an táille mheasta. Dar leis an Roinn, chun cabhrú leis an iarratasóir chun a iarraidh a bheachtú agus an táille mheasta a laghdú dá réir, chuir an Roinn ar an eolas é an 7 Iúil 2020 gur bhain dhá iarraidh SF lena iarraidh féin agus go bhféadfaí na taifid a sheoladh chuige, is é sin, cóipeanna de thaifid a bhí a gcoimeád ina dtagraítear don cinneadh nó a bhaineann leis an gcinneadh go gcuirfear gach cúrsa teanga samhraidh sa Ghaeltacht ar ceal mar gheall ar phaindéim COVID-19, don tréimhse ón 1 Aibreán 2020 go dtí an 4 Bealtaine 2020, agus an t-eolas go léir atá á choimeád ag an Roinn faoi a Thionscnamh Cobhsaíochta €4.7 milliún a fógraíodh le déanaí don Earnáil Choláistí Gaeilge.

Dúirt an t-iarratasóir ar an lá céanna gur mhian leis na taifid a fheiceáil a scaoileadh faoi na hiarrataí a rinneadh roimhe seo ach gur theastaigh uaidh, mar sin féin, go seolfadh an Roinn sceideal na dtaifead chuige chun go bhféadfaí cinneadh deiridh a dhéanamh faoi cibé acu an táille €840 a íoc nó gan í a íoc. Mhínigh an Roinn an 8 Iúil 2020 nach bhféadfaí an sceideal a chur le chéile gan na taifid a shainaithint agus a aisghabháil. Mhol an Roinn freisin don iarratasóir chun súil a chaitheamh ar na taifid a bhí curtha ar fáil cheana féin féachaint an bhféadfaidís cabhrú leis a iarraidh a bheachtú. Meabhraíodh dó freisin go bhféadfadh sé an cinneadh chun táille a ghearradh a achomharc, agus tugadh sonraí faoi conas é sin a dhéanamh.

Lorg an t-iarratasóir an 13 Iúil 2020 go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh chun táille a ghearradh, agus sheas an Roinn lena cinneadh i ndiaidh an athbhreithniú a dhéanamh. Lorg an t-iarratasóir an 24 Iúil 2020 go ndéanfadh an Oifig seo athbhreithniú ar chinneadh na Roinne.

Tá m’athbhreithniú críochnaithe anois agam i gcomhréir le halt 22(2) den Acht SF.  Nuair a bhí mé ag tabhairt faoi m’athbhreithniú, thug mé aird ar nótaí tráchta an iarratasóra ina iarratas ar athbhreithniú agus ar na haighneachtaí a rinne an Roinn chun tacú lena cinneadh.

 

Scóip an Athbhreithnithe

Ní bhaineann an t-athbhreithniú seo ach le cibé acu an raibh nó nach raibh údar ag an Roinn, faoi alt 27(12) den Acht SF, iarraidh an iarratasóra a dhiúltú mar gheall gur sháraigh an costas measta a bhí ar thaifid a tháinig faoi chuimsiú scóip na hiarrata a chuardach agus a aisghabháil an uasteorainn fhoriomlán €700. 

 

Anailís agus Torthaí

Foráiltear in Alt 27 go bhfuil sé éigeantach go ngearrann comhlachtaí SF an costas measta a bhíonn ar thaifid a chuardach, a aisghabháil agus a chóipeáil (SRC) maidir le hiarraidh SF a deonaíodh. I measc rudaí eile, áirítear le cuardach agus aisghabháil an t-am a chaith an comhlacht SF ar chinneadh a dhéanamh faoi cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil an t-eolas á choimeád aici, an t-eolas nó na taifid ina bhfuil an t-eolas a aimsiú, an t-eolas nó na cáipéisí a aisghabháil, an t-eolas a bhaint ó na comhaid, na cáipéisí, cúrsa leictreonach nó eile eolais ina gcuimsítear an t-eolas agus ábhar eile nach mbaineann leis an iarraidh, agus sceideal a ullmhú ina sonraítear an taifead a bhfuil breithniú le déanamh ar a scaoileadh.

Caithfear méid chostas tháille an SRC a ríomh ar ráta an mhéid sin san uair a bheidh forordaithe de thuras na huaire (€20 faoi láthair) maidir leis an am a chaith, nó an t-am ba cheart a bheith caite, i dtuairim an chinn lena mbaineann, ag gach duine atá i gceist chun tabhairt faoin gcuardach agus an aisghabháil go héifeachtúil. Faoi réir fho-alt (12) d’alt 27, níor cheart gur mó méid tháille an SRC ná an méid sin a bheidh forordaithe (€500 faoi láthair) de thuras na huaire mar an táille chuí uasta SRC.

Faoi alt 27(12), nuair is mó nó nuair is dóchúil gur mó méid na táille SRC ná an uasteorainn fhoriomlán a fhorordaítear (€700 faoi láthair), caithfidh an comhlacht SF an duine a rinne an iarraidh a chur ar an eolas, agus caithfidh sé cabhrú leis an duine a rinne an iarraidh más mian leis nó léi an iarraidh a leasú nó a theorannú chun na táillí SRC arb ionann iad agus níos lú ná nó cothrom leis an uasteorainn fhoriomlán a thagann aníos nó ar dhóchúil go dtiocfaidís aníos, a laghdú. Mura ndéanann an duine a rinne an iarraidh an iarraidh a leasú nó a theorannú chun go laghdaítear na táillí a thagann aníos nó is dóchúil a thiocfaidh aníos anuas go dtí méid atá níos lú ná nó cothrom leis an uasteorainn fhoriomlán, is féidir leis an gcomhlacht an iarraidh a dhiúltú. Nuair a dhéanann an comhlacht an cinneadh, mar sin féin, chun an iarraidh a phróiseáil, caithfidh an duine a rinne an iarraidh costas iomlán na dtáillí is dóchúil a bheidh iníoctha a íoc.

Sa chás seo, thug an Roinn le fios don iarratasóir gur sháraigh an táille mheasta SRC an uasteorainn fhoriomlán. Rinne an Roinn cabhair a thairiscint don iarratasóir chun a iarraidh a bheachtú. Chuir an Roinn an t-iarratasóir ar an eolas ar dhá iarraidh SF ghaolmhara a phróiseáil sé le déanaí agus chuir sé cóipeanna ar fáil de na 35 taifead a scaoileadh maidir leis na hiarrataí seo. Mar fhreagairt don chabhair a rinne an Roinn a thairiscint, lorg an duine a rinne an iarraidh cóip den sceideal taifead. Mhínigh an Roinn gur mheas sé go raibh breis agus 500 taifead ann agus go mbeadh scrúdú le déanamh ar na taifid seo chun sceideal a ullmhú. Nuair a chuirtear san áireamh gurbh é an táille mheasta SRC €840, thug an Roinn le fios nach mbeadh sé in ann sceideal a sholáthar. Ní dhearna an t-iarratasóir aon teagmháil bhreise chun an iarraidh a bheachtú, ach lorg sé go ndéanfar athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh.

Is fiú a thabhairt faoi deara faoi alt 27(12) go gcaithfidh an comhlacht SF cabhrú leis an duine a rinne an iarraidh más mian leis an duine a rinne an iarraidh an iarraidh a leasú nó a theorannú chun na táillí SRC a laghdú (mé féin a d’aibhsigh an téacs seo agus aistriúcháin neamhoifigiúla iad na haistriúcháin ar théacs an Achta seo). Tugaim faoi deara gur lorg an t-iarratasóir cóip den sceideal taifead a cheadaigh dó breithniú a dhéanamh ar cibé acu an bhféadfadh nó nach bhféadfadh sé a bheith in ann a iarraidh a bheachtú. Tugaim chun suntais freisin, go deimhin féin, go ndúirt sé san iarratas a rinne sé ar athbhreithniú leis an Oifig seo gur mhian leis go ndéanfadh an Coimisinéir rialú a cheanglaíonn ar an gcomhlacht SF chun sceideal na dtaifead a chur ar fáil do dhaoine a dhéanann iarraidh chun cabhrú leo a n-iarrataí a bheachtú. Ní féidir liom é sin a dhéanamh.

Foráiltear go sonrach in alt 27(2) go n-áirítear le taifid a chuardach agus a aisghabháil an t-am a chaith an comhlacht SF chun sceideal a ullmhú ina sonraítear na taifid a bhfuil breithniú le déanamh orthu lena scaoileadh, i.e. tá sceideal a ullmhú mar chuid den obair nach gá don chomhlacht SF a dhéanamh nuair a bheartaíonn sé iarraidh faoi alt 27(12) a dhiúltú. De bhreis air sin, bheadh ar an gcomhlacht SF tabhairt faoi roinnt bearta eile chun sceideal a ullmhú atá mar chuid den phróiseas cuardaigh agus aisghabhála. Bheadh ar an Roinn a dheimhniú cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil na taifid a lorgaítear á gcoimeád aige agus bheadh air na cáipéisí siúd a aimsiú agus a aisghabháil lena dheimhniú go bhfuil siad cuí lena liostú ar sceideal.

Feictear domsa go bhfuil an t-iarratasóir faoin tuairim nach bhféadfadh súil réasúnta a bheith leis go ndéanfadh sé a iarraidh a leasú agus teacht a bheith aige ar an sceideal taifead. Ní aontaím leis seo. Tugaim faoi deara go raibh a iarraidh fairsing go leor agus gur faoi a bhí sé beachtú féideartha a dhéanamh ar a iarraidh a fhiosrú leis an Roinn ach roghnaigh sé gan é sin a dhéanamh. Ní cheapaim go bhfuil aon bhunús ann lena mhaíomh gur theip ar an Roinn ceanglais alt 27(12) a chomhlíonadh trína dhiúltú sceideal taifead ábhartha a sholáthar.

Maidir le cibé acu an raibh nó nach raibh údar ag an Roinn a mheas gurbh ionann an táille SRC agus €840, mhínigh an Roinn gur bhunaigh sé a mheastachán ar réamhscrúdú a rinneadh sa rannán ábhartha ar an méid ríomhphost a bhain leis an ábhar agus a d’fhéadfadh baint leis an iarraidh ón 1 Márta go dtí an 20 Meitheamh. Dúirt an Roinn go bhfuil thart ar 500 ríomhphost i gceist a mbeidh anailís le déanamh orthu agus dá gcaithfí cúig nóiméad ar gach ceann, bheadh 2,500 nóiméad, nó 42 uair an chloig, le caitheamh orthu dá bharr.

Má thugann comhlacht SF cúiseanna atá leis an meastachán ar SRC a thugann le fios go raibh bunús réasúnta ann leis an táille a ríomh nó leis an éarlais a chinn sé, is nós leis an Oifig seo gan cur isteach ar an gcinneadh sin.

Táim sásta gur leag an Roinn míniú amach a sholáthraíonn bunús réasúnta lena chostais mheasta chuardaigh agus aisghabhála sa chás seo. 

Ar deireadh, tugaim faoi deara nótaí tráchta an iarratasóra ina iarratas ar athbhreithniú go lorgaíonn comhlachtaí SF táillí iomarcacha chun droim láimhe a thabhairt d’iriseoirí agus nach bhfuil an cur chuige sin ag teacht le meanma na reachtaíochta. Maidir leis an bpointe seo, ba cheart don iarratasóir a thabhairt faoi deara gurb éigeantach táillí SRC a ghearradh. Ceanglaítear go soiléir san Act ar chomhlachtaí SF na táillí siúd a ghearradh agus ní féidir a mheas nach dtagann sin le meanma an Achta. De bhreis air sin, aithnítear go soiléir in Alt 27(12), dar liom féin, an chaoi go bhfuil teorainneacha ar na hacmhainní ar gá do chomhlacht poiblí a chaitheamh chun iarrataí a phróiseáil. Lorgaítear san Acht chun cothromaíocht a bhaint amach idir a chinntiú go bhfuil teacht ar thaifid a mhéid agus is féidir agus an t-ualach riaracháin atá ar chomhlachtaí SF a bhainistiú maidir le déileáil le hiarrataí ar gá go leor ama agus acmhainní a chaitheamh orthu.

Mar fhocal scoir, ceapaim féin go raibh údar ag an Roinn chun iarraidh an iarratasóra a dhiúltú faoi alt 27(12) den Acht SF. Is faoin iarratasóir atá sé go fóill chun teagmháil bhreise a dhéanamh leis an Roinn ar mhaithe le hiarraidh bheachtaithe a dhéanamh.

 

Breith

I ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 22(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, dearbhaím, leis seo, breith na Roinne chun iarraidh an iarratasóra a dhiúltú faoi alt 27(12) den Acht.  

 

Ceart Achomhairc     

Leagtar amach in Alt 24 den Acht SF forálacha mionsonraithe chun achomharc a bheith á dhéanamh ag páirtí san athbhreithniú chun na hArd-Chúirte, nó ag aon duine eile a bhfuil tionchar ag an gcinneadh air/uirthi. Mar achoimre, ní mór achomharc den sórt sin, ar phonc dlí go hiondúil, a thionscnamh tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine i ndiaidh fógra faoin gcinneadh a bheith tugtha don duine a bheidh ag tionscnamh an achomhairc. 

 

 

 

 

 

Stephen Rafferty

Imscrúdaitheoir Sinsear



The Office of the Information Commissioner (Ireland) ©