AN ARD-CHÚIRT
[2024] IEHC 42
Uimh Thaifid: 2023/88 MCA
MAIDIR LEIS AN ACHT UM CHOSAINT SONRAÍ 2018, ALT 150
AGUS MAIDIR LEIS AN RIALACHÁN GINEARÁLTA MAIDIR LE COSAINT SONRAÍ (RGCS) RIALACHÁN (AE) 2016/679 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE AN 27 AIBREÁN 2016
AGUS MAIDIR LE CAIRT UM CHEARTA BUNÚSACHA AN AONTAIS EORPAIGH
AGUS MAIDIR LEIS AN gCONRADH AR AN AONTAS EORPACH
IDIR/
JULIAN DE SPÁINN
ACHOMHARCÓIR
AGUS
AN COIMISIÚN UM CHOSAINT SONRAÍ
FREAGRÓIR
Breithiúnas ón mBreitheamh Cian Ferriter ar tugadh an 31ú Eanáir 2024
Réamhrá
1. Is é seo mo chinneadh ar iarratas na freagróra ina bhfuil an fhreagróir ("an Coimisiún") ag lorg ordú ag neamhniú cinntí an Choimisiún, inar diúltaíodh gearáin a rinne an t-achomharcóir chuige, agus na gearáin a tharchur chuig an Coimisiún chun cinntí úra a dhéanamh. Bhain na gearáin le líomhaintí gur theip Aer Lingus agus Banc na hÉireann sonraí pearsanta míchruinn a bhí á gcoinneáil nó á bpróiseáil acu ar a gcórais ríomhaireachta a cheartú de bhun an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí ("RGCS"), go háirithe sonraí pearsanta i bhfoirm an tsíntí fada in ainm agus seoltaí an achomharcóra.
2. Baineann na himeachtaí seo le hachomharc reachtúil a thionscnaigh an t-achomharcóir i gcoinne na gcinntí de bhun alt 150(5) den Acht um Chosaint Sonraí 2018 ("Acht 2018"). Tar éis deis a bheith ag an Coimisiún machnamh a dhéanamh ar na cinntí ó tionscnaíodh an t-achomharc, glacann an Coimisiún anois go raibh na cinntí lochtach agus dá bharr níl sé ag seasamh leis na cinntí a thuilleadh. Mar thoradh air sin, deir an Coimisiún gur cheart don Chúirt na cinntí a neamhniú agus na hábhair a tharchur chuig an gCoimisiúin le haghaidh cinntí úra. Aontaíonn an t-achomharcóir gur cheart don Chúirt na cinntí a neamhniú ach áitíonn sé nár cheart don Chúirt na hábhair a tharchur chuig an gCoimisiún ach, in áit sin, an Chúirt a cinneadh féin a dhéanamh ar na gearáin in ionad cinntí an Choimisiún. Áitíonn an t-achomharcóir go háirithe gur cheart don Chúirt dearbhú a dheonú dó go n-áirítear leis an gceart ceartúcháin faoi Airteagal 16 RGCS agus Airteagal 8(2) Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ("an Chairt") an ceart aige a shonraí pearsanta ar córais na riaileathóirí sonraí a bheith ceartaithe, síntí fada in ainm agus seoltaí an achomharcóra san áireamh.
Cúlra
3. Is cainteoir Gaeilge é an t-achomharcóir. Is í an Ghaeilge teanga a theaghlaigh agus a chuid oibre. Is é Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge é, fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Cónaíonn sé idir Ghaeltacht Chiarraí agus Bhaile Átha Cliath agus baineann sé leas as an nGaeilge agus é ag plé leis an Stát agus soláthróirí seirbhísí eile a mhéid agus is féidir é sin.
4. Tá síntí fada ina shloinne agus ina dhá sheoladh. De réir Airteagal 4(1) den RGCS is cuid dá shonraí pearsanta iad na sonraí sin. Deir sé go bhfuil tosaíocht de réir dlí na hÉireann ag an leagan Gaeilge dá sheoladh Gaeltachta de bhun Acht na dTeangacha Oifigiúil 2003 ("Acht 2003"), alt 33(2). Deir sé go bhfuil an ceart aige de bhun RGCS Airteagal 16 mar 'ábhar sonraí' go gceartódh 'rialaitheoir' na sonraí sin sa chás go bhfuil siad mícheart. Deir sé go bhfuil an ceart céanna aige de bhun Airteagal 8(2) de Chairt.
5. Rinne an t-achomharcóir iarratas ar Aer Lingus an 26 Lúnasa 2022 go gceartófaí a chuid sonraí pearsanta idir shloinne agus sheoladh tríd an síneadh fada a chur san áireamh iontu.
6. Rinne an t-achomharcóir iarratas den chéad uair ar Bhanc na hÉireann ("an Banc") an 26 Meán Fómhair 2022 a ainm a litriú i gceart ar a chóras ríomhaireachta.
7. Bhí gearán comhchosúil déanta ag an achomharcóir i gcoinne Aer Lingus (ach ní i gcoinne an Bhainc) in 2019 ("gearán 2019") faoi chúinsí eile. Níor threoraigh an Coimisiún ag an am sin na sonraí pearsanta ábhartha a cheartú mar gur ghlac sé le haighneacht ó Aer Lingus ina dúradh nach raibh an cumas ag a chóras áirithinte aerlínte ríomhairithe saincheaptha síntí fada a phróiseáil ag an am sin.
8. Deir an t-achomharcóir, ó tharla gur ceist í seo a bhí ag dó na geirbe aige ó 2019, go ndearna sé taighde agus bhailigh sé saineolas idir chúrsaí dlí, chúrsaí teanga agus chúrsaí ríomhaireachta a chruthaigh, dar leis, go raibh dul amú ní hamháin ar an bhFreagróir ach ar Aer Lingus agus ar Bhanc na hÉireann chomh maith ("na riaileathóirí sonraí").
9. In a chuid ngearán, chuir an t-achomharcóir tuairisc agus sonraí faoi breith Chúirt Achomhairc na Bruiséile sa chás 2019/AR/1006 os comhair na riaileathóirí. D'ordaigh cinneadh Chúirt Achomhairc na Bruiséile ceartúchán a dhéanamh i gcás comhchosúil a bhain le mainneachtain banc marcanna diacriticacha a léiriú in ainm an duine is ábhar do na sonraí, d'ainneoin gur éiligh an banc ann nár cheadaigh a chórais marcanna diacriticacha a phróiseáil ("an cinneadh Beilgeach"). Chuir an t-achomharcóir saineolas ríomhaireachta os a gcomhair ón Ollamh Kevin Scannell (Ollamh le Ríomheolaíocht in Ollscoil Saint Louis, SAM) gur féidir le gach ríomhaire agus guthán póca sa lá atá inniu ann síntí fada a storáil, a phróiseáil, agus a thaispeáint. Chuir sé saineolas ón Ollamh Ruairí Ó hUiginn (Ollamh Sinsearach agus Stiúrthóir Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúd Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath) ós a gcomhair freisin gur teanga í an Ghaeilge nach féidir a scríobh gan an síneadh fada.
10. Dhiúltaigh an dá rialaitheoir sonraí na hiarratais ar cheartú de bhun an RGCS, ag éileamh go bunúsach nach raibh an chuid ábhartha dá gcórais ríomhaireachta in ann síntí fada a phróiseáil. Níor phléigh Aer Lingus ná an Banc ina bhfreagraí do na hiarratais an fhianaise shaineolach a thug an t-achomharcóir dóibh mar thaca lena iarratais, go háirithe fianaise teicneolaíochta faisnéise ("TF") an Ollaimh Scannell.
11. An 17 Eanáir 2023, rinne an t-achomharcóir gearán leis an gCoimisiún faoi mhainneachtain Aer Lingus agus an Bhainc a shonraí pearsanta a stóráil agus a phróiseáil go cruinn, go háirithe a ainm agus a sheoltaí i nGaeilge le síntí fada ("gearán 2023" ). D'iarr sé ar an gCoimisiún an t-ábhar a imscrúdú agus ordú a thabhairt d'Aer Lingus agus don Bhanc a shonraí pearsanta míchruinne a cheartú de bhun Airteagail 5 agus 16 RGCS.
Na cinntí faoi achomharc
12. Chun tacú lena ghearán in 2023 chuig an gCoimisiún, thairg an t-achomharcóir an fhianaise TF agus theangeolaíoch thuasluaite, mar aon leis an cinneadh Beilgeach. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nár cuireadh aon chuid den ábhar seo ar tairiscint le linn a ghearáin in 2019.
13. Níor chuir an Coimisiún tús le haon imscrúdú nua ar ghearán 2023. Ní dheachaigh sé i ngleic le sainábhar an achomharcóra ná le cinneadh na Beilge. Níor lorg sé aon fhaisnéis ná aighneachtaí ó Aer Lingus ná ón mBanc. Ina ionad sin, d'eisigh sé dhá litir bhreithe dar dáta 9 Márta 2023 (ceann amháin maidir leis an ngearán in aghaidh Aer Lingus agus an ceann eile maidir leis an ngearán in aghaidh an Bhainc) ina dhíbhíodh na gearáin, i dtéarmaí ábhartha comhionann ("na cinntí").
14. Tugadh faoi deara sna chinntí gur bhain gearáin an achomharcóra leis an iarratas chun an easpa síntí fada óna ainm a cheartú. Dúradh sna cinntí ansin go raibh an cheist seo fiosraithe ag an gCoimisiún roimhe seo agus go raibh an Coimisiún i dteagmháil leis an gCoimisinéir Teanga chuige sin. (Tugadh faoi deara san cinneadh maidir leis an ghearán in aghaidh an Bhainc nár chuir Acht 2003 aon oibleagáid ar chomhlachtaí poiblí marcanna diacriticacha ar nós síntí fada a úsáid agus iad ag taifeadadh ainmneacha agus seoltaí. Bhí an líne seo in easnamh ón gcinneadh a bhain le hAer Lingus. Gan trácht ar an líne sin, rinneadh na cinntí i dtéarmaí mar in gcéanna).
15. Dúradh sna cinntí ansin:
"Tabhair faoi deara, le do thoil, gur cinneadh nach mbaineann an ceart go ndéanfaí ceartúcháin le sonraí pearsanta i gcás go bhfágtar comharthaí diaicritice amhail an síneadh fada amach."
16. Tugadh faoi deara sna cinntí ansin, i gcás cuideachtaí poiblí ar rialtóirí sonraí iad, go raibh píosaí éagsúla reachtaíochta ann le déanaí a d'éiligh úsáid síntí fada.
17. Rinneadh na cinntí naisc chuig dhá dhoiciméad. Ba é an chéad cheann acu ná fógra a d'eisigh an Coimisiún ar an 30 Aibreán 2019, dar teideal "Scrúdú ar ghearáin maidir leis an gCeart go nDéanfaí Ceartúcháin" inár phléadh saincheisteanna a bhaineann le cosaint sonraí cearta agus comharthaí diacriticiúla mar an síntí fada ("Fógra 2019"). Dúradh sa Fógra 2019 mar seo a leanas:
"Faoin reachtaíocht cosanta sonraí, tá an ceart ag daoine aonair go ndéanfaí ceartúcháin ar a sonraí pearsanta. Maidir lena mbeidh i gceist sa chleachtas leis an gceart go ndéanfaí ceartúcháin, beidh sé sin ag brath ar imthosca an cháis. Is ar a bhfiúntas féin a dhéanann an Coimisiún um Chosaint Sonraí scrúdú ar na cásanna uile a thagann os a chomhair."
18. Ag deireadh an fhógra, dúradh: "Tá an nóta seo ceaptha chun críocha treorach amháin agus níl sé ina cheangal ar an gCoimisiún le linn dó breithniú a dhéanamh ar aon ábhar imní nó ar aon ghearán. Is nithe iad sin nach mór a scrúdú ar a bhfiúntas féin i ngach cás." (aibhsiú sa bhuntéacs)
19. Cás-staidéar a bhí sa dara ceann i dtuarascáil bhliantúil 2019 an Choimisiúin a phléigh freisin le ceist na síntí fada, i gcomhthéacs gearán a fuair an Coimisiún i gcoinne An Cúram Sláinte i 2018.
20. Tugadh na cinntí chun críche le ráiteas nach raibh aon saincheist cosanta sonraí le breithniú ós rud é nach cuideachtaí poiblí an Banc ná Aer Lingus agus i bhfianaise na faisnéise eile a luadh sna cinntí.
Forálacha dlíthiúla ábhartha
21. Foráiltear le hAirteagal 5(1)(d) den RGCS mar seo a leanas:
Maidir le sonraí pearsanta [...] (d) beidh siad cruinn agus, i gcás inar gá, coimeádfar suas le dáta iad; déanfar gach beart réasúnta chun a áirithiú go léirscriostar nó go gceartaítear sonraí pearsanta míchruinne gan mhoill, ag féachaint do na críocha ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil ("cruinneas")
22. Trasaíódh an foráil sin in airteagal 71(1)(d) d'Acht 2018 mar seo a leanas:
(1) Déanfaidh rialaitheoir, maidir le sonraí pearsanta a bhfuil sé freagrach astu, na forálacha seo a leanas a chomhlíonadh...(d) beidh na sonraí cruinn, agus, más gá, coinneofar cothrom le dáta iad, agus glacfar gach céim réasúnach chun a chinntiú go ndéanfar sonraí atá míchruinn a léirscriosadh nó a cheartú gan mhoill, ag féachaint do na críocha ar chucu a phróiseáiltear iad.
23. Foráiltear le hAirteagal 16 den RGCS (dar teideal "An ceart go ndéanfaí ceartúcháin") mar seo a leanas:
Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go gceartóidh an rialaitheoir sonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis nó léi gan aon mhoill mhíchuí. Agus na críocha dár ndearnadh an phróiseáil a [sic] gcur san áireamh, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go ndéanfar sonraí neamhiomlána a chomhlánú, lena n-áirítear de bhíthin soláthair ráitis fhorlíontaigh.
24. Trasaíódh an foráil sin in airteagal 92 d'Acht 2018.
25. Aithnítear in Airteagal 8(1) den Chairt go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfaí na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint agus aithnítear in Airteagal 8(2) den Chairt go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfaí na sonraí sin a cheartú:
Sonraí pearsanta a chosaint
1. Tá ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint.
2. Ní mór sonraí den sórt sin a phróiseáil go cóir ar mhaithe le cuspóirí sonracha agus ar bhonn thoiliú an duine i dtrácht nó ar bhonn dlisteanach éigin eile arna leagan síos le dlí. Tá ag gach duine an ceart chun rochtain a fháil ar shonraí atá bailithe agus a bhaineann leis nó léi, agus an ceart go ndéanfar na sonraí sin a cheartú.
26. Foráiltear ina theannta sin le hAirteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach "go [n]urramóidh [an tAontas] saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga, agus áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú."
27. Dar leis an t-achomarchóir, treisítear é seo i nAirteagail na Cairte seo a leanas:
Airteagal 21
Neamh-idirdhealú
1. Toirmiscfear aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach.
Airteagal 22
Éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teanga
Déanfaidh an tAontas an éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teanga a urramú.
(aibhsiú curtha leis)
Achomharc chun na cúirte seo
28. Rinne an t-achomharcóir achomharc chun na hArd-Chúirte de bhun alt 150(5) d'Acht 2018 lena bhforáiltear:
(5) Aon ábhar sonraí nó duine eile a ndéanfaidh breith ón gCoimisiún lena ngabhann ceangal dlí faoi Chaibidil 2 nó 3 difear dó nó di, féadfaidh sé nó sí, laistigh de 28 lá ón dáta a gheobhaidh sé nó sí fógra faoin mbreith, achomharc a dhéanamh i gcoinne na breithe.
29. Tá an dlínse a thugtar don chúirt ar achomharc den sórt sin leagtha amach in alt 150(6)
a leanas:
(6) Déanfaidh an chúirt, ar achomharc a éisteacht faoi fho-alt (5)—
(a) an bhreith lena mbaineann a neamhniú,
(b) a cinneadh féin a chur in ionad na breithe, nó
(c) an t-achomharc a dhíbhe
(aibhsiú curtha leis)
30. Is é cás an achomharacóra go bhfuil sé mí-réasúnach, i ngach ciall den fhocal sin, gan rogha an tsínte fhada a bheith ar fáil ar chórais na rialaitheoirí sonraí, gur sárú é ar a chearta de bhun an RGCS, den Chairt agus de Chonarthaí an Aontais agus gur idirdhealú é ar bhonn teanga.
31. Is é an faoiseamh a lorgaítear san fhógra foriarratais tionscanta (i.e. a fhógra achomhairc) ná an faoiseamh seo a leanas:
"Ordú ag neamhniú chinneadh an Fhreagróra san ábhar seo den 9 Márta 2023 agus ag dearbhú go gcuimsítear sa cheart de bhun Airteagal 16 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE) 2016/679 agus Airteagal 8(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh an ceart go gceartófaí sonraí pearsanta míchruinne trí na comharthaí diaicritice cuí, go sonrach an síneadh fada, a chur san áireamh iontu."
32. Dar leis an t-achomharcóir, tá dlínse ag an gCúirt seo dearbhú den chineál sin a dheonú de bhun alt 150 (5) & (6) d'Acht 2018.
Déanann an Coimisiún cinneadh gan seasamh leis na cinntí
33. Tar éis an Coimisiún machnamh a dhéanamh ar a sheasamh ó thaobh an achomharc de, chinn sé nach raibh sé ag seasamh thar na cinntí. Sheol sé litir chuig aturnaetha an achomharcóra inar iarr sé toiliú an achomharcóra le hordú chun na cinntí a neamhniú, mar aon le hordú le haghaidh costas an achomharcóra.
34. Dhiúltaigh an t-achomharcóir don togra seo ar an mbonn gur cheart don Chúirt, i dteannta na gcinntí earráideacha a neamhniú, ordú a dhéanamh ina mbeadh an dearbhú a d'iarr sé ina fhógra achomhairc mar atá leagtha amach i mír 31 thuas.
Iarratas an Choimisiúin
35. Ansin d'eisigh an Coimisiún an t-iarratas seo ina n-iarrann sé ordú de bhun alt 150(6)(a) Acht 2018 ag neamhniú na gcinntí agus ordú ag tarchur na hábhair chuig an gCoimisiún. Táim ag déileáil leis an t-iarratas sin sa bhreithiúnas seo. (Ina fhógra foriarratais, bhí an Choimisiún ag lorg orduithe eile freisin a mbaineann le dlínse na cúirte chun imeachtaí a scriosadh amach nuair gur imeachtaí gan bunús iad ach níor leanadh leis na hiarratais sin ag an éisteacht os mo chomhair).
Aighneachtaí na bpáirtithe ar an iarratas
36. Toisc go nglacann an dá thaobh gur cheart na cinntí a neamhniú, ba é an fíor-ábhar a bhí faoi dhíospóid os mo chomhair ná ar cheart dom, tar éis dom na cinntí a neamhniú, an t-ábhar a tharchur chuig an gCoimisiún (seasamh an Choimisiúin) nó ar cheart dom chinneadh na cúirte a dhéanamh in ionad cinneadh an Choimisiún, an dearbhú atá á lorg ag an achomharcóir san áireamh (seasamh an achomharcóra).
37. Is féidir seasamh na bpáirtithe ar an iarratas a achoimriú mar seo a leanas. Áitíonn an Coimisiún nach bhfuil dlínse ag an gCúirt faoi alt 150(6)(b) dearbhú den chineál atá á lorg ag an t-achomharcóir a dhéanamh. Níos bunúsaí fós, áitíonn an Coimisiún, fiú dá mbeadh dlínse ag an gcúirt ordú den sórt sin a dhéanamh, nach mbeadh sé iomchuí i gcúinsí ina bhfuil cur i bhfeidhm na tástála in Airteagal 5(1)(d) RGCS íogair ó thaobh fíricí de agus gan na firící iomláine ag an gCúirt. Chun na firící iomláine a thuiscint, bheadh ar an Coimisiún freagraí dlíthiúila agus fíorasacha Aer Lingus agus an Bhainc a fháil faoi ghearán an achomharcóra agus, go háirithe, ar an bhfianaise shaineolach a thacaíonn le gearán an achomharcóra. Áitíonn an Coimisiún go bhfuil sé soiléir nach achomharc de novo é an t-achomharc atá i gceist de bhun alt 150 agus nach féidir leis an gcúirt seo, agus nár cheart di, dul i mbun imscrúdú céadchéime ar an ngearán. Tá an seasamh sin níos treise fós, a deir sé, nuair nach bhfuil Aer Lingus agus an Banc fiú páirtithe san achomharc.
38. Áitíonn an t-achomharcóir go bhfuil dlínse an-leathan ag an gcúirt de bhun alt 150(6)(b), lena n-áirítear an chumhacht chun an cineál dearbhaithe a iarrtar a dheonú. Áitíonn sé go bhfuil sé soléir go bhfuil na cinntí earráideach ó thaobh dlí de agus gur cheart é dearbhú a dheonadh chun an dlí a shoiléiriú ina leith sin. Áitionn an t-achomharcóir go bhfuil an fhianaise ábhartha go léir ag an gcúirt i gcúinsí nach ndearna an Banc nó Aer Lingus bunús teicniúil agus dlíthiúil iarratas an achomchóra a bhréagnú. Sa mhéid go mbeadh imní ar bith ag an gcúirt, ó thaobh nósanna imeachta cothroma a de, dul ar aghaidh chun a cinneadh substainteach féin a dhéanamh ar na gearán chuig an gCoimisiún, d'fhéadfadh an chúirt Aer Lingus agus an Banc a thabhairt isteach mar pháirtithe fógra san achomharc agus éisteacht a thabhairt dóibh sula dtabharfaí cinneadh deiridh.
Plé
Scóip achomhairc de bhun alt 150(5) agus dlínse ionaid na Cúirte de bhun alt 150(6)(b)
39. Bhí roinnt plé ann ag an éisteacht os mo chomhair maidir le raon feidhme an achomhairc de bhun alt 150 d'Acht 2018 agus raon feidhme dhlínse na cúirte mar a aimsítear in alt 150(6)(b) a ligeann an chúirt cinneadh féin a chur in ionad cinneadh an Choimisiúin.
40. Dealraíonn sé go bhfuil dlínse na hArd-chúirte agus í ag deliléail le achomharc de bhun alt 150(5) (nó dlínse na Cúirte Cuarda de réir alt 150(9) - sa chás sin tá an dlínse chéanna ag an gCúirt Chuarda agus atá ag an Ard-Chúirt de bhun alt 150 (5)) níos fairsinge ná achomharc ar phointe dlí. Dealraíonn sé seo ó théarmaí alt 150(11) a fhorálann mar seo a leanas:
"Is breith chríochnaitheach breith ón gCúirt Chuarda nó ón Ard-Chúirt, de réir mar a bheidh, faoin alt seo, ach amháin go mbeidh ábhar achomhairc ann chun na hArd-Chúirte nó na Cúirte Achomhairc, de réir mar a bheidh, ar phonc dlí."
i.e. go mbíonn aon achomharc eile ar phointe dlí amháin, a thugann le tuiscint go bhfuil achomharc na céime roimhe sin níos fairsinge.
41. Rinne abhcóide an Choimisiúin tagairt do chinneadh an Bhreithimh John O'Connor, den Chúirt Chuarda, in Scott v Data Protection Commissioner (No. 2) [2022] IECC 5 ("Scott") inar phléigh an Breitheamh O'Connor (agus é ag tagairt do chinneadh níos luaithe a rinne sé sa dlíthíocht chéanna) le cheist an chaighdeáin athbhreithnithe a bhaineann le hachomharc ailt 150. Dúirt sé "an appeal under [alt 150] is not a full re-hearing on the merits and is limited in nature" (ag leathanach 16). Bhí an Breitheamh O'Connor ag brath ina leith seo ar chinneadh na Cúirte Uachtaraí in Nowak v Data Protection Commissioner [2016] 2 IR 585 ("Nowak") ina mhínigh O'Donnell J. (mar a bhí sé ag an am) go raibh tástáil "serious and significant error" i bhfeidhm, sé sin an tástáil leagtha amach in Orange v Director of Telecommunications Regulation [2000] 4 IR 159 ag 184/185 ("Orange").
42. Bhain an cinneadh i Nowak le alt 26 den Acht um Chosaint Sonraí 1988, ina foráilíodh d'achomharc i gcoinne chinneadh an Coimisiún chuig an gCúirt Chuarda, ach ní hionann téarmaí an alt sin agus téarmaí alt 150 d'Acht 2018, mar a phléifidh mé láithreach.
43. D'áitigh abhcóide an Choimisiúin go bhféadfadh "achomharc ar an taifead" ("appeal on the record") a bheith mar chatagóir cuí ar achomharc chuig an Ard-Chúirt de bhun alt 150(5) laistigh de thacsanomaíocht na gcatagóirí achomhairc arna bplé ag Clarke J. (mar a bhí sé ag an am) in Fitzgibbon v Law Society [2015] 1 IR 516 ("Fitzgibbon") ag 554 lena mbeadh baint ag an gcúirt seo, ar leibhéal an phrionsabail ar a laghad, mar bhinse achomharcach ag breithniú taifead na fianaise agus na n-ábhar a bhí os comhair an Choimisiúin ar dtús ach an chúirt ag teacht ar a conclúid neamhspleách féin maidir leis an bhfreagra cuí ar na saincheisteanna atá os a comhair.
44. Ní gá dom tuairim a chur in iúl ar an gcaighdeán athbhreithnithe/scóip achomhairc is cuí ó thaobh alt 150 de, i gcúinsí nach bhfuil an Coimisiún ag seasamh leis na cinntí ar an achomharc seo agus nuair atá sé soiléir go bhfuil na cinntí neamhbhailí de réir aon caighdeán athbhreithnithe infheidhmithe. Ba cheart ceist an chaighdeáin athbhreithnithe/scóip an achomhairc cuí a fhágáil siar go gcás ina bhfuil sé ag plé níos dírí leis na fíricí. É sin ráite, ba mhaith liom a thabhairt faoi deara, áfach, go mbeadh gá le cúram áirithe a ghlacadh maidir leis an anailís atá i gcinntí Scott ós rud é nach bhfuil a chomhionann in alt 150(6)(b) (i.e. an fhoráil a cheadaíonn don Cúirt Chuarda nó don Ard-Chúirt a chinneadh féin a dhéanamh in ionad cinneadh an Choimisiúin) le feiceáil in Acht 1988. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara freisin nach raibh an Breitheamh O'Connor in Scott ag déileáil le halt 150(6)(b).
45. Ar dhearcadh amháin, níl sé éasca go leor ábhar alt 150(6)(b) a réiteach le tuaraim go bhfuil achomharc alt 150(5) teoranta do chur chuige tástála Orange ós rud é go bhféadfadh tástála Orange cosc a chur ar an gcúirt seo (nó ar an gCúirt Chuarda), agus an Cúirt ag deaileáil le achomharc, a cinneadh féin a chur in ionad chinneadh an Choimisiúin. Is cóir a thabhairt faoi deara freisin go bhfuil raon feidhme an achomhairc ar an taifead, más é sin go deimhin nádúr an achomhairc dá bhforáiltear in alt 150 d'Acht 2018, níos leithne ná cur chuige tástála Orange a dtugtar aghaidh air in Nowak agus Scott. Tá ceisteanna ann freisin an raibh sé beartaithe ag an Oireachtas achomharc chomh leathan le achomharc ar an taifead a thabhairt de bhun alt 150(5) i gcúinsí go mbíonn nádúr teicniúil agus speisialtóireachta go minic ag baint le cinntí an Choimisiún.
46. Toisc nár chuala mé argóint mhionsonraithe ar raon feidhme alt 150(6)(b), b'fhearr liom cinneadh ar cheist thábhachtach scóip achomhairc de bhun alt 150 agus ar cheist teorainneacha dhlínse na Cúirte a cinneadh féin a chur in ionad chinneadh an Choimisiúin ar achomharc alt 150(5) (lena n-áirítear an cheist i dtaobh dlínse chun dearbhú den chineál atá á lorg sa chás seo a dhéanamh) a fhágáil siar go chás ina bhfuil baint níos dírí ag an ceisteanna sin le cúis an chás. Is é mo thuairim, ar chúiseanna a dtiocfaidh mé chucu go luath, fiú ag glacadh leis (gan cinneadh a dhéanamh amhlaidh) go bhfuil dlínse leathan ag an gcúirt faoi alt 150(6)(b) chun a cinneadh féin a chur in ionad chinneadh an Choimisiúin, ní cás cuí é an cás seo ar a fhíricí dul i mbun gníomhaíochta den sórt sin.
Na Lochtanna sna Cinntí
47. Sula dtiocfaidh mé ar na cúiseanna ar tháinig mé ar an gconclúid sin, tá sé tábhachtach ar dtús lochtanna na cinntí a aithint.
48. Rinne abhcóide an Choimisiúin cur síos ar na cinntí mar dhiúltú míchuí ar bhonn teoranta do ghearáin an achomharcóra. Cé gur thréithriú réasúnta é sin, ar dhearcadh amháin, tá sé tábhachtach príomh-lochtanna na gcinntí agus an próiseas cinnteoireachta a d'eascair as na cinntí sin a aithint go hachomair.
49. I mo thuairim, bhí na cinntí lán lochtach ar roinnt bonn.
50. Ar an gcéad dul síos, sa mhéid go ndeirtear sa chinntí nach feidhmítear an ceart chun sonraí pearsanta a cheartú i gcás go bhfágtar síntí fada amach as sonraí pearsanta ('Tabhair faoi deara...gur cinneadh nach mbaineann an ceart go ndéanfaí ceartúcháin le sonraí pearsanta i gcás go bhfágtar comharthaí diaicritice amhail an síneadh fada amach'), ní ráiteas ceart ó thaobh an dlí é seo. Is cosúil nach bhfuil aon díospóid ann go bhfuil síntí fada in ainm agus seoladh duine mar chuid de shonraí pearsanta an ábhair sonraí agus níl aon chúis i bprionsabal nach bhféadfaí an mhainneachtain síntí fada a thaifeadadh ar córais rialaitheoirí sonraí bheith ina ábhar d'iarratas ceartúchána de bhun Airteagal 16. Is í an cheist cuí de réir forálacha airteagail 5(1)(d) RGCS (mar atá leaghtha amach san airteagail sin agus mar a forálaíodh i dtéarmaí comhbhríocha in alt 71(1)(d) d'Acht 2018) ná an bhfuil gach beart réasúnta déanta acu (nó gach céim réasúnta glactha acu) chun a áirithiú go gceartaítear sonraí pearsanta míchruinne gan mhoill, ag féachaint do na críocha ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil. Fillfidh mé go luath ar cheist chur i bhfeidhm an phrionsabail sin ar fhíorais aon staide ar leith.
51. Ar an dara dul síos, bhí locht dlíthiúil ar na cinntí agus iad ag iarraidh na gearáin a dhíbhe trí thagairt a dhéanamh do thuairimí níos luaithe ón gCoimisiún a cuireadh in iúl i bhfógra agus i gcás-staidéar ó 2018/2019 ar aghaidh gan aon scrúdú a dhéanamh ar fiúntais na ngearán. Seachas an cheist maidir le hoiriúnacht brath ar fhógra nó cás-staidéar roimh ré chun na gearáin a dhiúltú, dúradh sa Fógra 2019 gur "ar a bhfiúntas féin a dhéanann an Coimisiún um Chosaint Sonraí scrúdú ar na cásanna uile a thagann os a chomhair". Níor tharla sé sin in aon chor sa cás seo. Bhí teip iomlán ann na gearáin a bhreithniú i gceart ar a bhfiúntas féin. I gcás an Banc, ba ghearán den chéad uair an gearán agus, i gcás Aer Lingus, ba ghearán úr é an gearán bunaithe ar shainfhianaise agus údarás dlíthiúil nár cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin roimhe seo. Ní bhaineann na cinntí ar chor ar bith leis an gcás a rinne an t-achomharcóir ná leis an ábhar a chuireann sé ar fáil mar thaca lena ghearáin. Ní dhéantar aon tagairt sna cinntí d'fhorálacha ábhartha RGCS ná d'Acht 2018. Ní dhéantar aon tagairt sna cinntí do na freagraí a thug an Banc agus Aer Lingus don achomharcóir maidir lena ghearáin.
52. Ar an tríú dul síos, tugadh na cinntí chun críche le ráiteas nach raibh aon ábhar imní cosanta sonraí sa cás seo ós rud é nach cuideachtaí poiblí iad an Banc ná Aer Lingus. Níor bhain stádas cuideachtacha an Bhainc nó Aer Lingus le na ceisteanna cosanta sonraí a bhí os comhair an Choimisiún.
53. Ar an ceathrú dul síos, thángthas ar na cinntí trí phróiseas nós imeachta lochtach toisc nach ndearna an Coimisiún imscrúdú ar bith ar ábhar na ngearán. Níor lorg an Coimisiún aon fhianaise nó aighneachtaí ó Aer Lingus nó ón Bhanc. Ní raibh an méid a ndúirt siad agus iad ag freagairt na ngearáin chucu riamh ina n-ábhar d'imscrúdú ná d'fhiosrú.
54. Ar na cúiseanna go léir thuas, táim lán sásta gur cuí ordú a dhéanamh ag neamhniú na gcinntí.
Ar cheart don chúirt seo a cinneadh féin a ionadú in áit cinntí an Choimisiún?
55. Is í an cheist a thagann chun cinn anois ná ar cheart dom, tar éis dom na cinntí a neamhniú, leanúint ar aghaidh chun mo chinneadh féin a chur in ionad cinntí an Choimisiúin nó ar cheart dom gearáin an achomharcóra a chur ar ais chuig an gCoimisiún le haghaidh próiseas cinnidh nua?
56. Ba é príomhaighneacht an achomharcóra gur cheart dom mír oibríochtúla na cinntí a chur ar neamhní (is é sin an mhír a dúirt "gur cinneadh nach mbaineann an ceart go ndéanfaí ceartúcháin le sonraí pearsanta i gcás go bhfágtar comharthaí diaicritice amhail an síneadh fada amach" ("na ráitis cáinte")) agus an dearbhú atá á lorg aige a dheonadh ós rud é go bhfuil an ráiteas dlí seo (atá i gcroílár na gcinntí) mícheart agus gur féidir leis an gCúirt seo, agus gur cheart di, a fhógairt ar an seasamh dlíthiúil ceart.
57. Áitíonn an t-achomharcóir freisin go bhfuil gach fíoras ábhartha ag an gcúirt chun aon cheisteanna dlí ábhartha a eascraíonn as na fíorais sin a fhreagairt go sábháilte. Dar leis, tá fianaise neamhspleách saineolach ó dhaoine nach páirtithe sa chaingean seo iad curtha faoi bhráid na Cúirte. Deir an t-achomharcóir in a aighneachtaí scríofa, má roghnaigh an Coimisiúin gan fianaise ó Bhanc na hÉireann nó ó Aer Lingus a chur faoi bhráid na Cúirte "is féidir leis an gCúirt a tátal féin a bhaint as sin. Ó tharla go raibh sé indéanta ag Cúirt Achomhairc na Bruiséile breithiúnas a thabhairt maidir le ceart ábhar sonraí go mbeadh an accent aigu (é) san áireamh ina chuid sonraí pearsanta, tá sé indéanta ag an gCúirt Onórach seo an rud céanna a dhéanamh maidir leis an Achomharcóir agus an síneadh fada".
58. Mar a chuir mé in iúl go soiléir cheana, sa mhéid a airbheartaíonn na ráitis cáinte gur ráitis ceart iad ó thaobh an dlí de, níl siad ceart mar ráitis dlí iontu féin. Mar sin féin, fiú amháin ag glacadh leis go bhfuil an dlínse agam dul i ngleic go leordhóthanach le tuillteanais na ngearán chun mo chinneadh féin a chur in ionad na gcinntí (agus mar a luadh cheana, ní thugaim aon tuairim cinntitheach ar an gceist sin), ní chreidim gur chás iomchuí é seo chun aon dlínse den sórt sin a fheidhmiú, ar na cúiseanna seo a leanas.
59. Ar an gcéad dul síos, ní cás é seo ina n-eascróidh ceist dlí amháin sa chiall go ndéanfaí foráil reachtúil nó chonarthach a mhíniú i gceart gan aon fianiase nó comhthéacs eile. Is léir go bhfuil an tástáil ábhartha faoi Airteagal 5(1)(d) íogair ó thaobh fíricí agus comhthéacs de. I gcás go bhfuil na sonraí míchruinn, an ndearnadh gach beart réasúnta chun sonraí pearsanta míchruinne a cheartú gan mhoill, ag féachaint do na críocha ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil? Cé nach dtugann an ceanglas "gach beart réasúnta" pas ginearálta éigin do riaileathóirí a oibríonn córais nach stórálann nó nach bpróiseálann síntí fada faoi láthair ach go seasann siad leis an staid sin, déanfar measúnú ar an gceanglas "gach beart réasúnta" sa chomhthéacs áirithe ina n-eascraíonn é. Tá sé dosheachanta go mbeadh leibhéal éigin fiosrúcháin i gceist leis na córais ríomhaireachta ábhartha: cad a dhéanann siad, conas a dhéanann siad é agus an féidir leo freastal réasúnta a dhéanamh ar shíntí fada i bhfianaise chuspóirí na próiseála atá i gceist?
60. Chun an tástáil sin a chur i bhfeidhm, is gá na fíorais ábhartha a aimsiú chun an mheasúnú cuí a dhéanamh. Dá dheonfhainn an dearbhú atá á lorg ag an t-achomharchóir anois bheinn ag cinneadh go héifeachtach i dtaobh gearán an achomharchóra in éagmais imscrúdaithe cuí ar na fíricí ábhartha go léir, go háirithe maidir le córais ríomhaireachta na riaileathóirí sonraí.
61. Ar an dara dul síos, mar a luadh níos luaithe, chuir an t-achomharcóir fianaise shaineolach chun cinn, go háirithe fianaise shaineolach TF, mar thaca lena ghearáin inar léiríodh an tuairim go bhféadfaí fiú córais nach bhfuil bunaithe ar Unicode a oiriúnú chun go bhféadfaidís in ann síntí fada a phróiseáil. Ní dheachaigh an fhianaise seo i ngleic go díreach, áfach, leis na cúiseanna a leag Aer Lingus amach in 2019 maidir le cén fáth a d'áitigh sé nach bhféadfaí ag am am sin a chóras TF dúchais a phróiseáil síntí fada agus nach bhféadfaí é a oiriúnú gan costas agus iarracht mhíchuí déanamh amhlaidh. Is ceart a rá nach ndearna Aer Lingus féin aon iarracht le dul i ngleic le fianaise an Ollaimh Scannal nó an fhianaise sin a fhreagairt ina fhreagra ar ghearán an achomharcóra in 2023. Tá sé ráite i gceart ag an gCoimisiún, áfach, má chuirtear an t-ábhar ar aghaidh chuige, lorgóidh sé tuilleadh faisnéise agus aighneachtaí ó Aer Lingus agus an Banc. Bheadh sé tábhachtach, go háirithe, measúnú a dhéanamh ar cé chomh háithitheach is a bheadh aon fhreagra ó Aer Lingus nó ón mBanc á rá nach bhfuil siad fós in ann síntí fada a phróiseáil ar a chórais agus b'fhéidir go mbeadh sé cuí tuairim bhreise a lorg ón Ollamh Scannell i bhfianaise aon fhreagra den sórt sin. Murab ionann agus an Coimisiún, níl an chumhacht ag an gcúirt fiosrú a dhéanamh ar chórais Aer Lingus agus an Bhainc agus freagraí a fháil uathu.
62. Ar an tríú dul síos, fiú dá bhféadfadh an Chúirt dul i mbun cinnidh de shaghas éigin ar na saincheisteanna fíorasacha a éireoidh mar chuid den cheist dlí, ní páirtithe san achomharc seo iad Aer Lingus nó an Banc. Dealraíonn sé nach bhfuil aon fhoráil de bhun Acht 2018 ná de bhun rialacha na cúirte ina ndéantar rialaitheoirí/próiseálaitheoirí sonraí ina bpáirtithe d'achomhairc alt 150 go huathoibríoch. Cé go bhféadfadh páirtithe den sórt sin a bheith ina bpáirtithe bhfógraí d'achomhairc alt 150 i gcás cuí, ní dhearnadh aon iarratas den sórt sin sa chás seo. Ní dóigh liom go mbeadh sé oiriúnach na riaileatheóirí a tharraingt isteach do na himeachtraí ag an pointe seo agus mé ag déanmah ordú na cinntí a neamhniú agus i icúinsí go mbeidh sé níos óiriúnaí cinntí úra a dhéanamh ag an gCoimisiún tar éis próiséas cinnteoireachta nua.
Conclúid
63. Le na cúiseanna mínithe thuas, i mo thuairim, is é an t-ordú iomchuí le déanamh ná na cinntí a neamhniú agus an t-ábhar a tharchur chuig an gCoimisiún chun cinntí úra a dhéanamh tar éis próiséas cinnteoireachta nua.
64. Tá sé tábhachtach a aibhsiú go mbeidh de cheangal ar an gCoimisiún (mar a ghlacann sé go cuí) tús a chur le próiseas nua atá cothrom agus dleathach chun cinntí úra a dhéanamh maidir leis na gearáin. Is éard a bheidh i gceist le sin ná tuilleadh faisnéise cuí a lorg ó na rialaitheoirí sonraí mar fhreagróirí ar na gearáin agus measúnú cúramach a dhéanamh an bhfuil iarratais an achomharcóra de bhun art 16 RGCS déanta amach i bhfianaise na bhfíoras sin (agus aon fhreagra ón achomharcóir ar chásanna na bhfreagróirí). Mar chuid den phróiseas sin, beidh ar na rialaitheoirí sonraí (faoi stiúradh an Choimisiún) dul i ngleic le cás an achomharcóra, lena n-áirítear fianaise shaineolach an achomharcóra.
65. Ba chóir dom a aibhsiú freisin nach gciallaíonn an rialú seo nach bhfuil cás maith ag an achomharcóir chun na sonraí pearsanta míchruinne a bhaineann lena ainm agus lena sheoltaí atá ag Aer Lingus agus ag an mBanc ar a gcórais a cheartú. Nílim ag tabhairt aon breitheamh ar an ceist sin. Baineann an rialú seo le ceist an fhóraim chuí chun gearáin an achomharcóra chuig an gCoimisiún a chinneadh i gceart agus go dleathach, sa cás ina bhfuil bunchinntí an Choimisiúin á neamhniú. Ar na cúiseanna atá leagtha amach agam, is é an Coimisiún agus ní an chúirt seo an fóram sin.
DEIMHNITHE AG AN BREITHEAMH CIAN FERRITER
An 31ú Eanáir 2024