Judgment Title: Ó'Gallachóir -v- Eire & Ors Composition of Court: Judgment by: McMahon J. Status of Judgment: Unapproved |
Uimhir Luaite Neodrach: [2011] IEHC 139 AN ARD-CHÚIRT ATHBHREITHNIÚ BREITHIÚNACH 2010 1415 JR IDIR DONNCHA Ó GALLACHÓIR IARRATASÓIR AGUS
EIRE AGUS AN tARD-AIGHNE AGUS AN tAIRE DLÍ AGUS CIRT FREAGRÓIRÍ BREITHIÚNAS an Bhreithimh McMahon tugtha ar an 11ú Márta, 2011 1. Rinneadh an t iarratasóir a ionchúiseamh as tiomáint chontúirteach ar an 11ú Nollaig, 2009 ag Mín Bhun Abhann, An Craoslach, Co. Dhún na nGall. Thionscain sé imeachtaí trí athbhreithniú breithiúnach inar lorg sé faoisimh éagsúla ar a n-áirítear dearbhuithe, certiorari agus mandamus mar dúirt sé nach raibh roinnt den doiciméadúchán ábhartha aistrithe go Gaeilge agus, rud ba thábhachtaí, nach raibh ag an mbreitheamh sannta den Chúirt Dúiche “oiread eolais ar an nGaedhilg agus chuirfadh ar a chumas déanamh in éamais conganta o fhear teangan agus fianaise á tabhairt sa teangain sin”. Bhí an pointe deiridh sin bunaithe ar alt 71 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924 (ar a dtabharfar “Acht 1924” ina dhiaidh seo), ina ndéantar an fhoráil seo a leanas:-
3. Is é seo a leanas an t aon ábhar amháin atá le cinneadh ag an gCúirt seo anois: ar cheart síneadh breise a chur leis an mbac a dheonaigh Charleton Brmh. go dtí go mbeidh ábhar an athbhreithnithe bhreithiúnaigh éiste go hiomlán amach anseo. 4. Aontaíonn na páirtithe gur cheart don chúirt na critéir chéanna a chur i bhfeidhm chun an cheist seo a chinneadh is a chuirfí i bhfeidhm dá mbeadh cinneadh á dhéanamh maidir le hurghaire idirbhreitheach a dheonú, is iad sin, an bhfuil ceist thromchúiseach le triail agus cá háit a bhfuil cothrom na caoithiúlachta sa chás seo. 5. Tá mé sásta go bhfuil ceist thromchúiseach le triail sa chás seo. I gcás le déanaí, (Pascal Mac Aodháin v. Éire agus An tArd-Aighne (Neamhthuairiscithe, An Ard-Chúirt, an 30ú Iúil, 2010)), b’éigean do Clarke Brmh. tabhairt faoi argóint chosúil agus ina bhreithiúnas chinn sé go bhfuil alt 71 den Acht 1924 inbhreithnithe go deimhin i bprionsabal. Chuir an t abhcóide in iúl dom go bhfuil achomharc chuig an gCúirt Uachtarach á dhéanamh maidir leis seo. Mar sin féin, tugann na fíricí sin amháin le fios gur ceist thromchúiseach atá inti. Is é an dara ceist ná cá háit a bhfuil cothrom na caoithiúlachta agus chun é sin a chinneadh, ní mór aird chuí a thabhairt ar chearta an iarratasóra, agus go háirithe ar cheart an iarratasóra triail chothrom a fháil, ar thaobh amháin, agus ar cheart an phobail cionta líomhnaithe a ionchúiseamh ar shlí cheart ghasta ar an taobh eile. 6. Má tá riosca tromchúiseach nó dáiríre ann go gcuirfí isteach ar cheart an iarratasóra triail chothrom a fháil, ba cheart an bac a choinneáil. Céard iad na fíricí ábhartha mar sin i ndáil leis an ionchúiseamh seo? Ar an gcéad dul síos, tá sé líomhnaithe gur tharla an cion ar an 11ú Nollaig, 2009 agus eisíodh an toghairm ar an 31ú Bealtaine, 2010. Sna himthosca seo, tá gá áirithe ann an t ionchúiseamh a chur ar aghaidh go gasta ionas nach mbeidh an fhianaise stálaithe. Níl ceist ar bith ann go bhfuil seo ag teacht aniar aduaidh ar an iarratasóir agus toisc gur thar a cheann atá an bac á lorg, ní fhéadfaidh sé gearán ar bith a dhéanamh ina leith sin. Ar an dara dul síos, tá an gearán a bhí ag an iarratasóir ar dtús, nach raibh roinnt den doiciméadúchán ábhartha aistrithe go Gaeilge, réitithe anois agus ní bhaineann sé leis an gcás níos mó. Ar an tríú dul síos, tá Uachtarán na Cúirte Dúiche sásta breitheamh a shannadh ar bhonn sealadach, atá sách eolasach ar an nGaeilge le cur ar a chumas déanamh in éagmais ateangaire nuair atá fianaise á tabhairt sa teanga sin, chuig Dúiche ar bith nuair atá sé sin riachtanach, agus beidh sí sásta é sin a dhéanamh sa chás airithe seo. 7. Mar sin féin, áitíonn an t iarratasóir nach ionann an tairiscint atá á déanamh anois ag Uachtarán na Cúirte Dúiche breitheamh eile a shannadh go sealadach a bhfuil cumas leordhóthanach sa Ghaeilge aige/aici an fhianaise a éisteacht gan ateangaire agus dualgais an Stáit faoi alt 71 den Acht a bheith á gcomhlíonadh ag an Stát. Áitíonn an t iarratasóir fós go mbeidh sé faoi mhíbhuntáiste níos mó agus a fhianaise á tabhairt aige ná mar a bheadh sé dá mbeadh an breitheamh ceaptha i gcomhréir le téarmaí alt 71. 8. Tarraingíodh aird na cúirte ar chinneadh na Cúirte Uachtaraí in Ó Monachain v. An Taoiseach (1982) T.E.1; [1986] ILRM 660, ina raibh alt 71 i gceist freisin. Sa chás sin, lorg an t iarratasóir orduithe certiorari, etc. chun ciontuithe i gCúirt Dúiche sa Ghaeltacht a neamhniú. Dhiúltaigh an Chúirt Uachtarach na ciontuithe a neamhniú, rinne sí ceanglais alt 71 in Acht 1924 a scrúdú, agus freisin rinne sí imscrúdú géar ar fhíricí an chás agus ar stiúir na trialach sin. Tá sé soiléir ón gcúirt go raibh an chúirt den tuairim go gcuireann alt 71 dualgas ar an Stát go príomhúil. Ní dualgas neamhchoinníollach atá ann áfach. Dar le hÓ hInnse Brmh. (lenar aontaigh Ó Gríofa Brmh.), ní fhéadfaidh duine ar bith agóid a dhéanamh i gcoinne an fhrása cháilithigh in alt 71 “agus gach ní a bhaineann leis an scéal d’áireamh” “mura bhfuil gá leis sin chun ceartas a chur ar fáil faoi chuimse fíoras an cháis.” (Ó hInnse Brmh. ar lch 15). “Dá réir sin, má theastaíonn ó ghearánaí a thaispeáint go riarann alt Achta ar leith a chás, ní mór dó a thaispeáint go bhfuil dlúth-bhaint ag fíorais an cháis leis an alt sin.” (Ibid.). Is cosúil nach ndearnadh é sin i gcás Ó Monachain chun sástacht na cúirte. Tháinig sé chun cinn ón gcás sin freisin nach gcuireann an t alt toirmeasc ar Bhreitheamh Dúiche atá ceaptha mar is cuí ateangaire a úsáid más mian leis/léi: tá sé de cheart ag an mBreitheamh Dúiche a bheith stuama (féach Breathnach Brmh. ar lch 12). In Ó Monachain, bhí Breathnach Brmh. sásta glacadh leis go bhféadfadh dlínse a bheith ag Breitheamh Dúiche arna shannadh go sealadach don Ghaeltacht agus atá inniúil sa Ghaeilge, ar aon dul le breitheamh arna shannadh go sealadach nach bhfuil cumas leordhóthanach sa Ghaeilge aige/aici, an cás a éisteacht, ós rud é gur breithiúna dúiche iad araon atá ceaptha mar is cuí. Mar gheall go raibh ateangaire i láthair sa chás deiridh, ní raibh easnamh ceartais aiceanta sa triail. Dhiúltaigh sé do na horduithe ar na cúiseanna sin. Léirítear an t idirdhealú idir freagracht an Stáit faoi alt 71 agus dlínse an Bhreithimh Dúiche go soiléir ar lch 13 den tuarascáil nuair a dúirt Breathnach Brmh. an méid seo a leanas:-
10. I bhfianaise an ghealltanais atá tugtha ag Uachtarán na Cúirte Dúiche, níl mé sásta glacadh leis nach dtabharfadh Breitheamh Dúiche atá ceaptha mar is cuí agus atá inniúil go leor chun fianaise a éisteacht i nGaeilge gan ateangaire agus atá sannta go sealadach go Dún na nGall éisteacht chothrom agus réasúnach don iarratasóir. Dá bhrí sin, is é an t aon argóint atá ag an iarratasóir ná nár cloíodh le halt 71 agus nach gcomhlíonann an Breitheamh Dúiche atá sannta go sealadach ceanglais an ailt sin ina gceanglaítear ar an Stát, dar leis an iarratasóir, a chinntiú go bhfuil an inniúlacht reachtúil ag breitheamh arna shannadh go buan. Ní dóigh liom, áfach, gur ghá go gcuirfeadh sin isteach ar cháilíocht thriail an iarratasóra ar bhealach ar bith. (Féach Breathnach Brmh. in Ó Monachain ar lch 13.) 11. Fiú má bhíonn rath ar an iarratasóir, faoi mar atá súil aige, sna himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh agus má chinntear go bhfuil alt 71 á shárú ag an Stát, ní mór a fhiafraí cá bhfuil an nasc idir an sárú sin ar dhualgas an Stáit agus gearán an iarratasóra. Tá mé i dteideal glacadh leis go bhfaigheadh sé triail chothrom os comhair an Bhreithimh Dúiche atá sannta go sealadach agus atá inniúil sa Ghaeilge. B’fhéidir nach é an Breitheamh Dúiche cónaitheach a dhéanfaidh ceartas a riar maidir leis an iarratasóir, ach is é breitheamh a bhfuil na cáilíochtaí uile aige/aici de réir alt 71 a dhéanfaidh ceartas a riar maidir leis, cé go mbeidh sé/sí sannta go sealadach le haghaidh thriail an iarratasóra amháin. Anuas air sin, ní fhéadfaidh mé glacadh leis go ndéanfar an t iarratasóir a chiontú fiú; tá sé neamhchiontach faoi láthair agus d’fhéadfadh sé tarlú go ndéanfar é a éigiontú ag deireadh an lae. Sna himthosca sin, feictear dom gurb é atá á dhéanamh ag an iarratasóir, ar a mhéid, ná argóint ar son “triail níos cothroime” óna thaobh féin seachas ar son triail chothrom. Ní thugtar ráthaíocht sa dlí go gcuirtear an leibhéal sin cothroime ar fáil. Níl cúisí i dteideal ach triail chothrom faoinár ndlíthe. D’fhéadfaí a argóint, mar shampla, go bhfaigheadh cúisí “triail níos cothroime” dá mbeadh cúig dhuine dhéag ar ghiúiré. Fiú dá mbeadh an méid sin fíor, ní bheadh dualgas ar an Stát foráil dá leithéid a dhéanamh dá gcomhlíonfaí an ceanglas bunreachtúil go hoibiachtúil maidir leis an leibhéal cothroime arna riar ag giúiré de dháréag. 12. Gan aon fhianaise go mbeidh an triail a gheobhaidh an t iarratasóir míchothrom sa chiall sin, níl mé sásta síneadh a chur leis an mbac a dheonaigh Charleton Brmh. sna himthosca reatha. 13. Dá gcinnfinn a mhalairt, níl amhras ann go mbeidh moill mhór (tugadh le fios ag an éisteacht go bhféadfadh moill trí bliana a bheith i gceist) sula mbeidh cinneadh na Cúirte Uachtaraí in Clarke, nó torthaí na n imeachtaí sin, ar eolas ag an iarratasóir. Ní féidir moill dá leithéid a chosaint, cibé ó thaobh an phobail de nó ó thaobh an iarratasóra féin. 14. Is cosúil gurb é bunús éileamh an iarratasóra ná, mura leanfaí leis an mbac, go bhfuil baol iarbhír ann go dtarlódh an t ionchúiseamh, go bhféadfaí é a chiontú agus go n éireodh lena éileamh sna himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh ar deireadh. Sna himthosca seo, is cosúil go bhfuil an t iarratasóir ag argóint go mbainfí éagóir dó agus go bhféadfadh fadhbanna a bheith i gceist leis an gciontú coiriúil a chealú. 15. Tá an argóint seo bunaithe ar an toimhdiú lochtach go mbeidh triail choiriúil an iarratasóra fabhtach má bhaintear an bac agus má leantar ar aghaidh leis an ionchúiseamh sula gcuirfear an t athbhreithniú breithiúnach i gcrích. Faoin mBunreacht, níl an t iarratasóir i dteideal ach triail chothrom “mar is cuí de réir dlí”, agus ba cheart béim a chur air sin. D’fhéadfaí a fhiafraí conas a dhéanfaí dochar don teidlíocht sin dá dtarlódh an t ionchúiseamh roimh chinneadh deiridh na n imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh? Má bhaintear an bac agus má leantar ar aghaidh leis an ionchúiseamh, le Breitheamh Dúiche atá sannta go speisialta agus atá inniúil an fhianaise a éisteacht trí Ghaeilge gan cúnamh ateangaire, an bhféadfaí a rá nach bhfaighidh an t iarratasóir triail chothrom? Ní dóigh liom gur conclúid loighciúil é sin. In Ó Monachain, dúirt Ó hInnse Brmh. an méid seo a leanas ag lch 15:-
18. Go simplí, ní bheadh tionchar díreach ag mainneachtain an Stáit a chuid dualgas a chomhlíonadh faoi alt 71 d’Acht 1924, dar liom, ar cibé an raibh triail chothrom ag an iarratasóir nó nach raibh agus ar reáchtáladh an triail “mar is cuí de réir dlí” nó nár reáchtáladh. Is éard a bheadh i sárú an Stáit, dá mba ann dá leithéid, ná sárú ar an dualgas reachtúil, agus bheadh iarmhairtí scoite aige seo le haghaidh an Stáit. Ní bheadh tionchar díreach ag a leithéid de shárú, i mo thuairim, ar ionchúiseamh coiriúil an iarratasóra, áfach. 19. Ar na cúiseanna thuasluaite, bhainfinn an bac a chuir Charleton Brmh. ar ionchúiseamh an iarratasóra san ábhar seo.
|