Cibé an raibh nó nach raibh an ceart ag an Roinn rochtain a dhiúltú ar an bhfaisnéis iarrtha ar an mbonn go raibh alt 15(1)(a) d’Acht SF i bhfeidhm

 

23 Márta 2021

 

Cúlra

 
In iarratas dar dáta an 5 Deireadh Fómhair 2020, chuir an t-iarratasóir iarratas ina raibh seacht gcuid faoi bhráid na Roinne ag lorg raon leathan faisnéise a bhain le teagmhálacha teileafóin a bhí aige leis an Roinn, lena n-áirítear amanna agus dátaí, taifeadtaí agus tras-scríbhinní de na comhráite agus de na glórphoist fágtha, taifid de ghlaonna teileafóin agus/nó cruinnithe inar tagraíodh dó nó inar pléadh na glaonna a rinne sé maidir leis an staidéar déanta a bhain le forbairt ionad óige ag suíomh ainmnithe, taifid maidir le haon ghearáin a rinneadh faoina ghlaonna nó teachtaireachtaí, agus faisnéis a bhain le haon ghearán a rinneadh faoi. 
 
I gcinneadh a eisíodh ar an 4 Samhain 2020, shainaithin agus sholáthair an Roinn taifead amháin agus dhiúltaigh an Roinn rochtain ar thaifid ábhartha bhreise faoi alt 15(1)(a) d’Acht SF, ar an bhforas nach bhfuil a leithéid de thaifid ar fáil. Ar an 9 Samhain 2020, lorg an t-iarratasóir athbhreithniú inmheánach ar chinneadh na Roinne, agus ina dhiaidh sin dheimhnigh an Roinn a cinneadh. Ar an 1 Nollaig 2020, lorg an t-iarratasóir go ndéanfadh an Oifig seo athbhreithniú ar chinneadh na Roinne.
 
Tá m’athbhreithniú curtha i gcrích agam anois de réir alt 22(2) den Acht SF.  Le linn dom m’athbhreithniú a dhéanamh, thug mé aird ar na haighneachtaí a rinne an Roinn chun tacú lena cinneadh. I rith an athbhreithnithe, sholáthair an tImscrúdaitheoir sonraí don iarratasóir maidir le haighneacht na Roinne ina ndearnadh cur síos ar na céimeanna a bhí curtha i gcrích chun na taifid ábhartha a aimsiú. Mar fhreagra, chuir an t-iarratasóir in iúl gur mhaith leis cinneadh foirmiúil a fháil maidir leis an gceist.  Dá réir sin, chinn mé críoch a chur leis an athbhreithniú seo le cinneadh foirmiúil, ceangailteach.
 
 

Raon an Athbhreithnithe

 
Ní bhaineann an t-athbhreithniú seo ach leis an gceist maidir le cibé acu an raibh nó nach raibh an ceart ag an Roinn, faoi alt 15(1)(a) d’Acht SF, rochtain ar aon taifid bhreise a thagann laistigh de raon a iarratais a dhiúltú ar an bhforas nach bhfuil aon taifid ábhartha bhreise ann nó nach féidir aon taifid ábhartha bhreise eile a fháil.
 
 

Anailís agus Tátail

 

Alt 15(1)(a) 

Foráiltear le hAlt 15(1)(a) d’Acht SF le haghaidh diúltú d’iarratas sa chás nach ann do na taifid atá á lorg nó nach féidir iad a fháil i ndiaidh na gcéimeanna réasúnacha ar fad a chur i gcrích chun an áit a bhfuil siad a oibriú amach. I gcásanna dá leithéid, is é ról na hOifige seo athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh an chomhlachta SF agus cinneadh a dhéanamh maidir le cibé acu an raibh nó nach raibh údar leis an gcinneadh. Ciallaíonn sé seo nach mór dom aird a thabhairt ar an bhfianaise atá ar fáil don chinnteoir agus an réasúnaíocht a d’úsáid an cinnteoir chun teacht ar a c(h)inneadh agus nach mór dom oiriúnacht na gcuardach atá curtha i gcrích ag an gcomhlacht SF le linn dó a bheith i mbun cuardaigh le haghaidh na dtaifead ábhartha a mheas.

 
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil ról na hOifige seo teoranta do chinneadh a dhéanamh maidir le cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil na céimeanna réasúnacha ar fad curtha i gcrích ag an gcomhlacht SF chun na taifid a aimsiú. Ní cheanglaítear cinnteacht absalóideach san Acht SF maidir le taifid a bheith ar marthain nó ag suíomh ar leith, de bhrí go mbíonn cásanna ann nuair nach gcruthaítear taifid, go gcailltear taifid nó nach féidir taifid a aimsiú. Os a choinne sin, baineann an tAcht le rochtain ar thaifid atá i seilbh comhlacht poiblí seachas taifid a shíleann iarrthóir ba cheart a bheith ar marthain. Ní cheanglaíonn an tAcht ar chomhlachtaí poiblí taifid a chruthú mura bhfuil aon taifid ar marthain, seachas ceanglas sonrach, faoi alt 17(4), taifid nó faisnéis atá á coimeád ar ghléasanna leictreonacha a asbhaint. Mura bhfuil taifead ina bhfuil an fhaisnéis iarrtha i seilbh an chomhlachta agus mura féidir leis cuardach a dhéanamh le haghaidh agus na taifid atá á sealbhú go leictreonach a asbhaint trí chéimeanna réasúnacha a dhéanamh, sin deireadh leis an gceist.
 
Mar atá léirithe agam thuas, chuir an tImscrúdaitheoir na sonraí a sholáthair an Roinn in iúl don iarratasóir maidir leis an gcúis nach bhféadfaí aon taifid bhreise a fháil agus maidir leis na cuardaigh a rinneadh chun taifid ábhartha a aimsiú. Cé nach bhfuil mé ag moladh gur cheart na sonraí a athlua ina n-iomláine anseo, is féidir liom a dhearbhú gur thug mé aird orthu chun críche an chinnidh seo a dhéanamh. Tugaim faoi deara freisin nach ndearna an t-iarratasóir aon nóta tráchta maidir leis na sonraí a cuireadh ar fáil, ná nár sholáthair sé aon fhaisnéis chun tacú lena áitiú go bhféadfadh tuilleadh taifead ábhartha a bheith ann.  
 
Sna haighneachtaí a chuir an Roinn faoi bhráid na hOifige seo, chuir an Roinn in iúl go bhfuil gach comhfhreagras i scríbhinn agus gach comhfhreagras ríomhphoist á bhainistiú tríd an ardán digiteach eCorrespondence.  Sa chás go ndéantar teagmháil tríd an teileafón, cuirtear an fhaisnéis faoi bhráid an réimse ábhartha gnó trí theileafón nó ríomhphost.  Rinneadh cuardaigh ar an ardán seo don réimse gnó ábhartha agus níos sainaithníodh aon taifid.  Níl glaonna teileafóin á dtaifeadadh ag aon rannóg den Roinn. Ní cheanglaítear glórphoist a choimeád mar thaifid agus scriostar iad de ghnáth, nuair a bhíonn an cheist curtha ar aghaidh chuig an réimse gnó ábhartha. Scrúdaigh gach duine ríomhphoist ó chomhaltaí foirne ábhartha ar a ríomhairí oifigiúla agus aimsíodh ríomhphost ábhartha amháin, a cuireadh ar fáil.
 
Sholáthair an Roinn faisnéis maidir le gach cuid den iarratas, agus cuireadh an fhaisnéis seo ar fáil don iarratasóir.  Go hachomair, chuir an Roinn in iúl nach gcoimeádtar loig nó tras-scríbhinní maidir leis na glaonna a fhaigheann an Roinn.  Chuir an Roinn in iúl go bhfuarthas dearbhú óna soláthraí seirbhíse teileafóin nach bhfuil sonraí glaonna a fhaightear le fáil ar aon cheann dá bhillí. Cuireadh in iúl go scriostar glórphoist agus nach raibh aon taifid ar fáil le tras-scríobh. Cuireadh in iúl freisin nach raibh aon chruinnithe ábhartha reáchtáilte agus nach raibh aon ghearán oifigiúil déanta. Is é seasamh na Roinne, dá réir sin, seachas an t-aon taifead a cuireadh ar fáil, nár sainaithníodh aon taifid eile agus nach bhfuil aon fhianaise ann a thugann le fios gur cruthaíodh a leithéid de thaifid sa chéad áit.  Chomh maith leis sin, chuir an Roinn in iúl gurb ionann uimhir theileafóin phóca an Aire Stáit agus uimhir a theileafóin phóca phearsanta agus go bhfuil an teileafón póca sin in úsáid d’obair toghcheantair. Chuir an Roinn in iúl nach gcoimeádtar taifid a bhaineann le teileafón póca pearsanta an Aire.  Dhearbhaigh an Roinn go raibh aird á tabhairt ar Nóta Treorach Uimh. 24 an Lárionaid Pholasaí, a bhaineann le faisnéis oifigiúil atá á sealbhú i gcórais neamhoifigiúla.  Seiceáladh taifid teileafóin don teileafón seo agus níor aimsíodh aon taifid ábhartha.  
 
I ndiaidh breithniú a dhéanamh ar na céimeanna atá curtha i gcrích ag an Roinn agus ar an míniú atá tugtha ag an Roinn maidir leis an gcúis nach bhfuil aon taifid eile ar marthain nó nach féidir aon taifid eile a aimsiú, tá mé sásta go bhfuil gach céim réasúnach déanta ag an Roinn chun eolas a fháil faoin áit a bhfuil na taifid ábhartha ar fad de réir raon iarratas an iarratasóra. Is é an cinneadh atá déanta agam, dá réir sin, go raibh údar ag an Roinn rochtain a dhiúltú ar thaifid bhreise seachas an taifead a bhí curtha ar fáil cheana féin ar an bhforas nach bhfuil aon taifid dá leithéid ar marthain nó nach féidir aon taifid dá leithéid a aimsiú i ndiaidh na gcéimeanna réasúnacha ar fad a dhéanamh chun an áit a bhfuil na taifid a chur i gcrích.
 
 

Cinneadh 

 
I ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 22(2) d’Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, deimhním leis seo cinneadh na Roinne agus go bhfuil feidhm le halt 15(1)(a). 
 
 

Ceart Achomhairc

 
Leagtar amach in Alt 24 den Acht SF forálacha mionsonraithe chun achomharc a bheith á dhéanamh ag páirtí san athbhreithniú chun na hArd-Chúirte, nó ag aon duine eile a bhfuil tionchar ag an gcinneadh air/uirthi. Mar achoimre, ní mór achomharc den sórt sin, ar phonc dlí go hiondúil, a thionscnamh tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine i ndiaidh fógra faoin gcinneadh a bheith tugtha don duine a bheidh ag tionscnamh an achomhairc.  
 
 
 
 

Stephen Rafferty 

Imscrúdaitheoir Sinsear

 



The Office of the Information Commissioner (Ireland) ©